Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ráiteas Príobháideachais maidir le bainistiú ar síntiúis do Nuachtlitreacha Europa

Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseálann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an chaoi a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Cuirtear i láthair thíos an fhaisnéis maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Bainistiú ar shíntiúis le haghaidh Nuachtlitreacha Europa’, arna dhéanamh ag Ard-Stiúrthóireacht na ‘Cumarsáide’ sa Choimisiún Eorpach.

Cén fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus cén chaoi a ndéantar sin?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: déanann an rialaitheoir do shonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil tuilleadh chun go mbeidh tú in ann liostáil le nuachtlitir Europa amháin nó níos mó a bhaineann le tacaíocht theicniúil do shuíomh gréasáin Europa a chuireann Ard-Stiúrthóireacht na ‘Cumarsáide’ ar fáil do léitheoirí ar spéis leo iad:

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

Cad iad na forais dhlíthiúla ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil toisc gur thoiligh tú le próiseáil do shonraí pearsanta chun ceann amháin nó níos mó de nuachtlitreacha Europa a fháil.

Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn an rialaitheoir na sonraí pearsanta seo a leanas:

  • Tá do sheoladh ríomhphoist ag teastáil chun seachadadh na seirbhíse duit mar shíntiúsóir a chinntiú.

Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn an rialaitheoir do shonraí pearsanta ach amháin chomh fada is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh, is é sin go dtí go ndíliostálann tú ón liosta seolta.

Ag brath ar na réitigh theicniúla atá ar fáil, is féidir leat scríobh chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe agus a iarraidh go ndíliostálfar ón liosta seoltaí thú, sin nó an nasc díliostála sa ríomhphost faisnéise a fuair tú a leanúint. Gníomhófar ina leith sin laistigh de sheachtain tar éis an iarraidh a fháil.

Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí uile atá i bhformáid leictreonach a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ceann de na bearta eagraíochtúla is ea gan cead rochtana ar na sonraí a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le haon oibríochtaí próiseála a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as trasuí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí sna Ballstáit (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679).

Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do bhaill foirne údaraithe eile de chuid an Choimisiúin de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Cloíonn na baill foirne sin le comhaontuithe reachtúla agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Ina theannta sin, is féidir rochtain ar do shonraí pearsanta a thabhairt do chonraitheoirí seachtracha atá ag obair thar ceann agus faoi chomhaontú conarthach le seirbhís an Choimisiúin ar leo na suíomhanna gréasáin agus atá i mbun suíomhanna gréasáin a chruthú, a chothabháil, a bhainistiú agus a chartlannú de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá má éilítear sin de réir dlí agus chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart rochtain a bheith agat ar do shonraí pearsanta agus iad a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

 

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil don rialaitheoir le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Míneofar sa ráiteas príobháideachais sonrach faoin gcaoi ar féidir toiliú a tharraingt siar. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

 

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt Taifid nó a dtagairtí Taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Dá mba mhian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhar imní agat, nó dá mba mhian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí ag europamanagementatec [dot] europa [dot] eu (europamanagement[at]ec[dot]europa[dot]eu).

  • Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí data-protection-officeratec [dot] europa [dot] eu (data-protection-officer[at]ec[dot]europa[dot]eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.

An áit a bhfuil faisnéis níos mionsonraithe le fáil

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach, oibríochtaí a doiciméadaíodh agus a cuireadh in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo a leanas: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-03928.