Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cláir mhaoiniúcháin an Aontais

Liosta de na cláir mhaoiniúcháin a chuirtear chun feidhme leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, de réir ceannteidil agus braisle.

Cláir agus cistí de chuid an Aontais a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais agus ó NextGenerationEU

Leis an liosta thíos tugtar léargas ar na deiseanna maoiniúcháin atá á maoiniú leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus NextGenerationEU de réir ceannteidil, braisle, agus clár nó ciste (tugtar ‘cistí’ ar mhórchuid na gclár a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte).

Cuirfear gnéithe breise, naisc le glaonna ina measc, le leathanaigh na gclár de réir mar a chuirtear ar fáil iad.

Féach freisin an bróisiúr nua maidir le CAI 2021-2027 agus NextGenerationEU

Ceannteideal 1: An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus an Inneachar Digiteach

Taighde & Nuálaíocht

Fís Eorpach 
An tionchar eolaíoch, teicneolaíoch, eacnamaíoch, comhshaoil agus sochaíoch; tacaíocht le haghaidh gach cineál taighde agus nuálaíochta.

Clár Taighde agus Oiliúna Euratom
Tá sé d’aidhm ag Euratom taighde núicléach agus gníomhaíocht oiliúna a shaothrú agus béim á leagan ar fheabhas leanúnach a chur ar an tsábháilteacht núicléach, ar an tslándáil núicléach agus ar chosaint ar radaíocht.

ITER
Tionscadal uaillmhianach idirnáisiúnta chun an meaisín comhleá is mó ar domhan a dhéanamh, agus chun teicneolaíocht an fhuinnimh chomhleá a chur chun tosaigh le haghaidh meascán fuinnimh atá níos glaise agus níos inbhuanaithe.

Infheistíochtaí Straitéiseacha Eorpacha

InvestEU
Maoiniúchán fadtéarmach ríthábhachtach a chur ar fáil don Aontas, infheistíochtaí príobháideacha a charnadh isteach, tacú leis an téarnamh agus le hEoraip atá níos glaise, níos digití agus níos athléimní.

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
Tacú le soláthair phríomhbhonneagair fuinnimh, iompair agus dhigiteacha ar fud na hEorpa.

An Clár don Eoraip Dhigiteach
Is é an Clár don Eoraip Dhigiteach an chéad chlár de chuid an Aontais a bhfuil sé d’aidhm aige dlús a chur leis an téarnamh agus claochlú digiteach na hEorpa a bhrú ar aghaidh.

An Margadh Aonair

Clár an Mhargaidh Aonair
Tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint; sábháilteacht bia a chinntiú, rud a chuirfidh ar chumas fhiontair bheaga agus mheánmhéide an Aontais bláthú.

Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh
Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint; trealamh, eolas agus oiliúint speisialaithe.

Comhar i réimse an chánachais (FISCALIS)
Cuireann an clár Fiscalis ar a gcumas do riaracháin náisiúnta chánach faisnéis agus saineolas a chruthú agus a mhalartú.

Comhar i réimse an chustaim (CUSTAM)
Tacaíonn an clár Custam le comhar idir údaráis chustaim agus déanann sé leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát a chosaint.

An Spás

An Clár Eorpach Spáis
Beartas Spáis an Aontais; teicneolaíocht satailíte agus nuálaíocht; sonraí, loingseoireacht agus seirbhísí cumarsáide; an t-athrú aeráide a chomhrac; freagairt i gcás tubaistí.

Ceannteideal 2: Comhtháthú agus Luachanna

Forbairt Réigiúnach agus Comhtháthú

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)
Comhtháthú eacnamaíoch sóisialta agus críochach an Aontais a neartú trí na héagothromaíochtaí idir réigiúin a cheartú a bhuí le cláir a chuireann údaráis áitiúla chun feidhme.

An Ciste Comhtháthaithe (CC)
Tá sé d’aidhm ag an gCiste Comhtháthaithe éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú agus an fhorbairt inbhuaine a chur chun cinn.

Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU):
Maoiniú breise le haghaidh na gclár comhtháthaithe 2014-2020 atá ann cheana faoi CFRE, CSE agus FEAD.

Tacaíocht do phobal Turcach na Cipire
Is é is aidhm don Chlár Cabhrach athaontú na Cipire a éascú.

Téarnamh agus athléimneacht

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta príomhionstraim NextGenerationEU chun cabhrú leis an Aontas a bheith níos láidre agus níos athléimní tar éis na géarchéime reatha.

An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil cuirtear saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil do Bhallstáit an Aontais chun athchóirithe a dhéanamh.

An euro a chosaint ar ghóchumadh
Góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus sláine nótaí bainc agus boinn euro a chaomhnú.

An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (rescEU)
An comhar a neartú idir Ballstáit an Aontais agus na 6 Stát Rannpháirteacha i réimse na cosanta sibhialta.

An clár EU4Health:
Infheistíocht a dhéanamh i gcórais sláinte atá athléimneach cothromasach agus nua-aimseartha, sláinte shaoránaigh an Aontais a fheabhsú agus daoine a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann.

Infheistíocht a dhéanamh i nDaoine, sa Chomhtháthú Sóisialta agus i Luachanna

Ciste Sóisialta na hEorpa+
Is é atá i gCiste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+) príomhionstraim an Aontais Eorpaigh chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine ar mhaithe le hEoraip a chothú a bheidh níos sóisialta agus níos cuimsithí.

Erasmus+
Tacaíocht a chur ar fáil d’fhorbairt oideachasúil, ghairmiúil agus phearsanta daoine san oideachas, san oiliúint, san óige agus sa spórt.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
Do dhaoine óga ar mian leo obair dheonach a dhéanamh chun cuidiú le daoine atá faoi mhíbhuntáiste, cabhair dhaonnúil a chur ar fáil, agus cur le gníomhaíochtaí sláinte agus comhshaoil.

Clár um Cheartas
An daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a neartú.

An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
Cearta agus luachanna atá cumhdaithe i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn.

Eoraip na Cruthaitheachta
Is é Eoraip na Cruthaitheachta clár an Choimisiúin Eorpaigh chun tacú le hearnáil an chultúir agus an earnáil chlosamhairc.

Ceannteideal 3: Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

An Beartas Talmhaíochta agus Muirí

An Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT)
Cuireann CERT maoiniú ar fáil le haghaidh tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí an Aontais chomh maith le bearta chun na margaí talmhaíochta a chobhsú.

An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)
Cuireann CETFT maoiniú ar fáil chun tacú le ceantair thuaithe agus chun earnáil agraibhia agus earnáil foraoiseachta an Aontais a neartú.

An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe
An comhbheartas iascaigh, beartas muirí, dobharshaothrú, forbairt inbhuanaithe.

An Comhshaol agus Gníomhaíocht ar son na hAeráide

An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)
Chun an t-aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe ciorclach athléimneach a bhaint amach, an comhshaol a chosaint agus a athshlánú agus deireadh a chur le caillteanas na bithéagsúlachta agus é a iompú droim ar ais.

Ciste um Aistriú Cóir
Tacaíocht a thabhairt don aistriú i dtreo na haeráidneodrachta tríd an tionchar socheacnamaíoch atá aige a mhaolú sna réigiúin is mó atá thíos leis.

Ceannteideal 4: Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

Imirce

An Ciste um Thearmainn, Imirce agus Lánpháirtíocht
An Imirce, Tearmann agus Comhtháthú; Comhchóras Eorpach Tearmainn; Bainistiú Imirce; Dlúthpháirtíocht.

Bainistiú Teorainneacha

An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha
Bainistiú Teorainneacha; Comhbheartas Víosaí an Aontais; an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, Trealamh Rialaithe Custaim ag pointí Teorainneacha Custaim agus saotharlanna Custaim.

Ceannteideal 5: An tSlándáil agus an Chosaint

An tSlándáil

An Ciste Slándála Inmheánaí
Slándáil an Aontais; Dul i ngleic le radacú, sceimhlitheoireacht, cibearchoireacht agus coireacht eagraithe; Íospartaigh na coireachta a chosaint.

Díchoimisiúnú Núicléach (an Liotuáin)
Dúnadh sábháilte sean-imoibreoirí núicléacha a chinntiú, an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint.

Sábháilteacht núicléach agus díchoimisiúnú
Dúnadh sábháilte sean-imoibreoirí núicléacha a chinntiú, an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint.

Cosaint

An Ciste Eorpach Cosanta
Is é an Ciste Eorpach Cosanta príomhthionscnamh an Choimisiúin a chuireann tacaíocht ar fáil ó bhuiséad an Aontais don taighde agus forbairt chomhoibríoch i réimse na gcumas cosanta.

Ceannteideal 6: An Chomharsanacht agus an Domhan

Gníomhaíochtaí Seachtracha

An Eoraip Dhomhanda: Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta
Is é an Eoraip Dhomhanda príomhuirlis airgeadais an Aontais chun cur leis an bhforbairt inbhuanaithe, an tsíocháin agus an chomhsaíocht ar fud an domhain.

Cabhair Dhaonnúil
Am ar bith a tharlaíonn tubaiste nó éigeandáil dhaonnúil, cuireann an tAontas cúnamh ar fáil do na tíortha agus do na pobail atá thíos leo.

An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála
Cuireann CBES leis na cuspóirí seo a leanas: an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú.

Tíortha agus Críocha Thar Lear
An fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn sna Tíortha agus sna Críocha Thar Lear, rud a mhéadaíonn a n-athléimneacht agus a n-iomaíochas agus a laghdaíonn a leochaileacht.

Cúnamh Réamhaontachais

Cúnamh Réamhaontachais
Tacú le tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a sochaithe, a gcórais dlí agus a ngeilleagair a athrú ó bhonn chun ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach.