Tá a chritéir, ceanglais agus céimeanna féin ag gabháil le gach glao ar thograí nó ar thairiscintí. Beidh eolas sa ghlao a roghnóidh tú lena míneofar an próiseas iarratais.
Tar éis duit a chinntiú go bhfuil tú incháilithe trí na critéir atá luaite sa ghlao sonrach a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé gur gá duit clárú le bunachar sonraí ar leith – sonrófar i dtreoirlínte an ghlao cibé acu is gá duit sin a dhéanamh nó nach gá, agus conas é a dhéanamh. D’fhéadfadh sé gur mian leat comhpháirtí a aimsiú freisin.
Tógfaidh sé tamall do thogra a ullmhú agus a sheoladh isteach, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú tús leis go luath. Na doiciméid agus na teimpléid ar fad a bheidh de dhíth ort, beidh siad liostaithe i dtreoirlínte an ghlao – lean go cúramach iad. Mura gcloíonn tú leo, d’fhéadfadh an t-údarás conarthach do thogra a chur as an áireamh.
Chun maoiniú ón Aontas a fháil, is gá rialacha agus nósanna imeachta ar leith a leanúint. Is ní dosheachanta é sin – ní mór dúinn a chinntiú go gcaitear gach euro ar bhealach trédhearcach ceart, agus go dtéann sé chun tairbhe do shaoránaigh an Aontais. Tá an tAontas ag obair de shíor freisin, áfach, chun a rialacha buiséadacha a shimpliú agus a nuachóiriú agus chun a chinntiú gur féidir le daoine rochtain a fháil ar mhaoiniú ón Aontas lena smaointe a mhaoiniú.
Chun go gcuirfear san áireamh thú, is gá iarratas a dhéanamh atá iomlán, gonta agus seolta isteach in am tríd an gcóras leictreonach chun tograí a chur isteach.
Déantar cláir a fhaigheann maoiniú ón Aontas a chur chun feidhme ar cheann de na trí bealaí seo a leanas: bainistíocht dhíreach, bainistíocht chomhroinnte, nó bainistíocht indíreach. Bíonn próiseas iarratais éagsúil i gceist ag brath ar an modh agus ar an gclár ar a bhfuil tú ag déanamh iarratais. Tuilleadh eolais faoi mhodhanna bainistíochta.
Bainistíocht dhíreach
Is ar Thairseach Mhaoiniúcháin agus Tairiscintí an Choimisiúin a dhéantar iarratais. Mar chuid den ghnáthphróiseas iarratais le haghaidh deontais agus tairiscintí araon, aimsíonn tú glao dá bhfuil tú incháilithe, aimsíonn tú comhpháirtí tionscadail, cruthaíonn tú cuntas ar an Tairseach, déanann tú d’eagraíocht a chlárú agus seolann tú togra isteach.
Eolas mionsonraithe faoin Tairseach Mhaoiniúcháin agus Tairiscintí
Bainistíocht chomhroinnte
Is faoi chúram lucht riaracháin na mBallstát atá na nósanna imeachta roghnúcháin agus bronnta, chomh maith leis an monatóireacht agus an bhainistíocht, íocaíochtaí ina measc.
Ní mór do na Ballstáit cloí le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC), ar creat dlíthiúil comhpháirteach é le haghaidh ocht gciste bainistíochta comhroinnte:
- Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa,
- an Ciste Comhtháthaithe,
- Ciste Sóisialta na hEorpa Plus,
- an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, agus an méid seo a leanas, ar gnéithe nua iad i gcomparáid le 2014-2020:
- An Sásra um Aistriú Cóir,
- an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht,
- an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí, agus
- an Ciste Slándála Inmheánaí.
Tá tuilleadh eolais ar leathanach na n-údarás maoiniúcháin réigiúnach agus náisiúnta do bhuiséad 2014-2020 an Aontais. Tá leathanach gréasáin á thógáil faoi láthair ar a mbeidh teagmhálaithe liostáilte de réir Ballstáit, mar aon le maoiniú ó chláir bhuiséad 2021-2027.
Bainistíocht indíreach
Má dhéanann tú iarratas ar chistí atá á mbainistiú ag comhpháirtí cur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, beidh ort cloí leis an bpróiseas iarratais atá socraithe ag an gcomhpháirtí sin, a fheidhmeoidh i gcáil údaráis chonarthaigh. Beidh ort suíomh gréasáin an chomhpháirtí cur chun feidhme a sheiceáil chun na ceanglais shonracha a bhaineann leis an bpróiseas iarratais a sheiceáil.
Anseo thíos tá samplaí de shuíomhanna gréasáin comhpháirtithe cur chun feidhme a bhronnann cistí de chuid an Aontais faoi bhainistíocht indíreach.
Eagraíochtaí idirnáisiúnta
- Córas na Náisiún Aontaithe
- An Banc Domhanda
- An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI)
- An Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF)
- Comhairle na hEorpa
- Banc Forbartha na hAfraice
- Banc Forbartha na hÁise
- An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE)
- Coiste agus Cónaidh Idirnáisiúnta na Croise Deirge
Sainchomhlachtaí de chuid an Aontais
Gníomhaireachtaí díláraithe
Cuireann gníomhaireachtaí díláraithe le cur chun feidhme bheartais an Aontais trí chúraimí teicniúla agus eolaíocha a chur i gcrích. Tacaíonn siad leis an gcomhar idir an tAontas agus rialtais náisiúnta trí shaineolas teicniúil agus speisialaithe ó institiúidí an Aontais agus ó na húdaráis náisiúnta a tharraingt le cheile. A leithéidí seo:
- An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC)
- Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)
- An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA)
- An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA)
- An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
- Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)
- An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)
- An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE)
- An Bord Réitigh Aonair (BRA)
- An Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO)
Comhghnóthais (Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí)
- An tionscamh ‘Bio-based Industries’
- Clean Sky 2
- Comhpháirteanna agus Córais Leictreonacha le haghaidh Ceannaireacht Eorpach
- An Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin
- Fuinneamh Comhleá
- An Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch
- SESAR
- Shift2Rail
- Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta Eorpach (EuroHPC)
Comhlachtaí náisiúnta
Ainmníonn na Ballstáit comhlachtaí ar leith chun clár nó deiseanna maoiniúcháin áirithe de chuid an Aontais a chur chun feidhme, amhail
- Gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+
- Eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na forbartha agus an chomhair agus lena bhfuil creat-chomhaontú sínithe ag an gCoimisiún, cuir i gcás an Agence Française de Développement (AFD), an Agenzia Italiana per la Cooperazione allo Sviluppo (AICS), an Deutsche Gesellschaft für Internationale Zusammenarbeit (GIZ) GmbH, nó Gníomhaireacht um Chomhar Forbartha Idirnáisiúnta na Sualainne (Sida)
- Bainc Náisiúnta le haghaidh Spreagadh a bhfuil baint acu le cur chun feidhme Chiste InvestEU
Conas a bheith i do chomhpháirtí cur chun feidhme
Eintitis nó daoine ar mian leo dul ag obair faoi bhainistíocht indíreach, is gá dóibh a bheith clúdaithe ag catagóirí sonracha a shainmhínítear sa Rialachán Airgeadais, ina leagtar síos úsáid bhuiséad an Aontais. Sula gceadófar dóibh tabhairt faoi sin, ní mór dóibh freisin measúnú ex ante a dhéanamh ar a gcórais, rialacha agus nósanna imeachta lena chinntiú go ndéanfar an ciste de chuid an Aontais a bhronnfar orthu a bhainistiú go sábháilte.