Potaisiam
![]() ![]() | |
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúil litifileach |
---|---|
Potaisiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | K |
Uimhir adamhach | 19 |
Mais adamhach | 39.0983 |
Cumraíocht leictreon | [Ar] 4s¹ agus 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 4s¹ |
Peiriad, Grúpa | grúpa 1 peiread 4 miotail alcaile |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 0.862 agus 0.828 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 336.7 agus 63.65 |
Fiuchphointe | 1,047 agus 773.85 |
Leictridhiúltacht | 0.82 |
Ga ianach | 1.37, 1.38, 1.51 agus 1.64 |
Stair | |
Aimsitheoir | Humphry Davy |
Fionnachtain | 1807 |
Eapainm | Potais |
![]() |
Is é an potaisiam dúil uimhir a 19 sa tábla peiriadach. Fuair sé a ainm Gaeilge ón bpotais, is é sin, an mianra carbónáite (carbónáit an photaisiam, K2CO3) as ar haonraíodh é an chéad uair riamh. Potassium an t-ainm Béarla agus Fraincise freisin, ach tá siombail cheimiceach an photaisiam, K, bunaithe ar an ainm Gearmáinise Kalium, a úsáidtear ina lán teangacha eile chomh maith. Tháinig an t-ainm sin as focal Araibise a chiallaíonn "luaith".
Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal bog éadrom é an potaisiam a bhfuil loinnir an airgid ghil ann go gairid ar lorg a ghearrtha, ach is dual dó brat ocsaíde a tharraingt air féin go sciobtha i dteagmháil leis an aer. Ar ndóigh, imoibríonn sé go fíochmhar leis an uisce, agus mar sin, is gá potaisiam a choinneáil i dtaisce istigh in ola lena chosaint ar an aer agus ar an bhfliuchas.
![](https://cdn.statically.io/img/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/db/Electron_shell_019_Potassium.svg/220px-Electron_shell_019_Potassium.svg.png)
Tá imoibriú an photaisiam leis an uisce níos fíochmhaire fós ná imoibriú an tsóidiam, agus is dual dó an hidrigin a scaoiltear saor sa teagmháil a chur ar bharr lasrach le teas an imoibriúcháin. Mar sin, tá sé thar a bheith contúirteach triail a bhaint as an imoibriúchán seo, cé go ndéantar ó am go ham ar scoil é le himoibríocht na miotal alcaileach a ghléiniú.
Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an bpotaisiam ná 1s22s22p63s23p64s1. Is é sin, tá aon s-leictreon amháin aige taobh amuigh den ochtréad, mar fhiúsleictreon, agus tagann adamh an photaisiam an leictreon seo go fonnmhar ar iasacht, ionas gur féidir leis féin iompú ina ian deimhneach, K+. Is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin atá ag an bpotaisiam ná +1, agus cruthaíonn sé comhdhúile atá an-chosúil le comhdhúile an tsóidiam, is é sin, salainn (comhdhúile ianacha). Bíonn comhdhúile an photaisiam sothuaslagtha san uisce. Má chuirtear salann potaisiam trí thine, aithneofar an potaisiam ar an lasair vialaite.
Ní féidir a rá go mbeadh an potaisiam - is é sin, ian an photaisiam - nimhiúil nó tocsaineach don duine. Tá sé ag teastáil ó orgánach an duine leis an gcothromaíocht osmóiseach a choigeartú idir na cealla agus an sreabhán scáineach, nó leis na cealla néarógacha a choinneáil ag obair.