Jump to content

Aerfort

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Aerfort
Íomhá
Sonraí
CineálSettlement formation in Bulgaria (en) Aistrigh
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinVarna, An Bhulgáir (en) Aistrigh
Codannainfreastruchtúr aerfoirt
seomra stiúrtha

Is éard atá i gceist leis an aerfort ná áit imeachta agus tuirlingthe do na heitleáin agus na hingearáin, ionas gur féidir leo daoine agus earraí a bhailiú agus a iompú go háiteanna eile. Gnéithe den aerfort iad ná:

  • críochfort le haghaidh lucht taistil. Is é an críochfort an chuid den aerfort atá ann le bheith ag fanacht leis na heitleáin, le ticéad a cheannach agus le stad a dhéanamh idir dhá eitilt, más ea nach féidir leat an chríoch a bhaint amach gan eitleán a athrú. Bíonn siopaí, bialanna, caiféanna, gruagairí, óstáin, tithe tábhairne agus áiseanna eile sna críochfoirt de ghnáth ionas gur féidir leis an lucht taistil taitneamh a bhaint as an am a chaitheann siad ar an aerfort. Gné thábhachtach den chríochfort iad na tolglanna idirthurais. Ansin is féidir leis na taistealaithe bheith ag feitheamh leis an dara heitilt gan áiseanna na haerlíne a fhágáil.
  • rúidbhealach le haghaidh na n-eitleán. Ar na rúidbhealaí a thuirlingíonn is a imíonn na heitleáin. Tá áiseanna páirceála, ar nós haingear, ar fáil do na heitleáin, agus tugtar bealach innealta ar an mbealach ó na háiseanna páirceála go dtí an rúidbhealach.
  • túr rialúcháin. Tá na riarthóirí aerthráchta ina suí thuas ansin, agus iad ag coinneáil súile ar ghluaiseachtaí na n-eitleán timpeall an aerfoirt. Tá radar acu leis na heitleáin a aithint, agus nuair a bhuaileann comhartha an radair an t-eitleán, tugann trasfhreagróir an eitleáin cód a chuireann ar chumas na riarthóirí an t-eitleán a aithint. Bíonn siad i dteagmháil raidió le criúnna na n-eitleán le hiad a chur ar an eolas, abair, faoin aimsir agus faoi na himthoscaí eile ar an aerfort. Ar ndóigh ní féidir le haon eitleán tuirlingt a dhéanamh gan chead tuirlingthe a fháil ó na riarthóirí. Obair dheacair é na heitleáin a choinneáil ó bhualadh faoi chéile os cionn aerfort mór, agus an-fhreagracht ag baint léi. Cuid d'obair na riarthóirí aerthráchta é, ar ndóigh.
  • na seirbhísí sábháilteachta agus slándála. Seiceálann an fhoireann slándála bagáiste na dtaistealaithe agus iad ag iarraidh a fháil amach, an bhfuil airm nó buamaí á n-iompar ar bhord na n-eitleán. Úsáidtear gléasra x-ghathanna leis an mbagáiste a scrúdú, agus oibrítear brathadóir miotail ar an taistealaí féin. Go tipiciúil caithfidh an taistealaí na rudaí miotail "dlíthiúla" a chur uaidh i sliotán ar leith agus siúl trí gheata a bhfuil an brathadóir feistithe ann.
  • an bhriogáid dóiteáin. Ní féidir aerfort mór a reáchtáil gan foireann ar leith de lucht múchta dóiteán. Baineann contúirt ar leith le tuirlingt an eitleáin, agus má theipeann, abair, ar chosa tuirlingthe an eitleáin, caithfidh an bhriogáid dóiteáin a bheith ar láthair le pé tine a mhúchadh sula rachaidh sí ó smacht agus le teacht chun fóirithinte do na taistealaithe. Éilíonn an t-aerthaisteal a lán fuinnimh agus breosla, rud a chuireann go mór mór leis an bpriacal dóiteáin: an ceirisín a theastaíonn le haon eitleán aerthaistil amháin a thabhairt ón Eoraip go dtí Meiriceá, choinneodh sé teach amháin te ar feadh tríocha bliain.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]